Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil (LECP)


Mí Meán Fómhair 2014 bunaíodh Coiste nua Eacnamaíoch agus Pobail Áitiuil (LCDC) do Chontae Mhuineacháin agus é de dhualagas orthu Plean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil sé bliana a ullmhú i gcomhar leis an gComhairle Contae. Tá na pleananna seo chun an ról nua atá ag teacht chun cinn ag an rialtas áitiúil a eascú. Beidh dhá chuid sa phlean úd:

An chuid eacnamaíoch áitiúil (ullamh agus glactha ag Comhairle Contae Mhuineacháin, in éineacht leis an SPC don bhForbairt Eacnamaíoch agus Tacaíocht Fhiontair)
An chuid phobail (ullamh agus glactha ag an LCDC)
Sa phlean aithneofar réimsí tosaíochta agus leagfar amach cuspóirí is gnímh a bheidh riachtanach chun forbairt eacnamaíoch agus pobail i gContae Mhuineacháin a chur chun cinn is a threisiú. Díreoidh an plean go háirithe ar cheisteanna ábhartha idir shóisialta is eacnamaíoch a phléifear ag leibhéal pobal is áitiúil agus a bhaineann go háirithe le riachtanais pobail Chontae Mhuineacháin.

Nuacht

Prionsabail Treorach don Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiuil

Tá an LECP mar cuid de shraith pleananna agus straitéisí a forbraíodh is atá á bhforbairt ag leibheál náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Orthusan tá:
• An Straitéis Náisiúnta Spásúil, an Plean Náisiúnta Forbartha

Straitéis Fhorbartha Tuaithe, an Plean Gnímh Post agus an Straitéis Náisiúnta in aghaidh an Bhochtanais.

• Na Straitéisí Réigiúnacha Spásúil agus Ecnamaíoch

• An Plean Forbartha Cathrach (Contae) déanta faoi na hAchtanna Pleanála

• An Straitéis Áitiúil Oideachais agus Oiliúna

Mar bhonn faoin LECP beidh roinnt prionsabail treorach a léireoidh dearcadh Choimisiún na hEorpa maidir le fás agus forbairt san Eoraip ar bhonn cliste, cuimsitheach agus inmharthana faoin mbliain 2020. Seo iad:

Tús áite ag comhionannas á chur chun cinn: Ar aidhmeanna EU2020 tá an troid in aghaidh an bhochtanais agus ar na príomhspriocanna tá líon na ndaoine san AE a bheidh i mbaol an bhochtanais a laghdú faoi 20 milliún.

Inmharthanacht: San imnmharthanacht bíonn deiseanna agus todhchaí ag cách. Úsáidtear acmhainní go ciallmhar éifeachtach, bíonn rialachas agus comhoibriú comhchoitianta i bhfeidhm. Cuirtear éifeacht acmhainní chun cinn, maraon le geilleagar glas cuimsitheach.

An leas is fearr agus is féidir a bhaint as acmhainní trí scaradh agus dúbailteacht gan chúis a sheachaint agus trí naisc a bhaint amach sa chomhoibriú agus comhpháirtíocht.

Rannpháirtíocht phleanála: Sa phróiseas Pleanáil Áitiúil agus Pobail Contae beidh deis rannpháirtíocht agus comhairliúcháin ag an bpobal sa phróiseas pleanála.

Gné ríthábhachtach den phróiseas rannpháirtíocht pleanála agus tosaíochtaí a aithint is ea rannpháirtíocht an phobail.

Prionsabail Fhorbartha Pobail: Tréithe ilghnéitheach ó nádúr is ea toirmeasc sóisialta agus míbhuntáiste, rud a chiallaíonn go mbíonn gá le tacaíochtaí cuimsitheach chun an dream is mó atá imeallaithe a bhaint amach agus is dúshlán mór é sin a chaithfear a chur i lár forbairt an LECP.

Inrochtaineacht agus úinéireacht: Agus an plean á fhorbairt is an plean deiridh á ghlacadh úsáidfear stíl díreach oscailte ionas go mbeidh teacht ag cách air chomh fada agus is féidir.