Fabhtanna Soilsiú Poiblí a Logáil

Is gá go mbeadh an Soilsiú Poiblí ag feidhmiú mar is cóir.

Anseo i Muineachán, tá suíomh idirlín againn ar a dtugtar  deadsureapp.com chun fabhtanna sa Soilsiú Poiblí a logáil.  Tá an suíomh seo a thuairiscíonn fabhtanna ceangailte go díreach lenár mbunachar sonraí Soilsiú Poiblí agus déantar an fabht a logáil ar an dtoirt go dtí an meitheal deisiúcháin. Níl aon chéim eile eatarthu.

Deisítear gach aon fhabht laistigh de 14 lá, muna mbíonn fadhb ag baint le rochtain.

Chun fabht a logáil téir go dtí https://deadsureapp.com,  roghnaigh Contae Mhuineacháin, roghnaigh As Gaeilge, ansin ar aghaidh leat go dtí an láthair atá uait.  Tá an córas bunaithe ar léarscáileanna Google.  Roghnaigh an solas briste, líon an tuairisc agus déan an fabht a logáil.