Foláireamh don bPobal: Deireadh Á Chur leis an bhFógra Ná hÓltar an tUisce

Limistéir Logánta laistigh de Sholáthar Uisce
Phoiblí Mhuineacháin lena n-áirítear:
(Bóthar Dhoire, Bóthar Ard Mhaca & Baile Fearainn na Tulaí Tirime)

Dáta Uisce Éireann: An Mháirt 31ú Deireadh Fómhair 2023

Is mian le hUisce Éireann; tar éis dul i gcomhairle le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,
a chur in iúl do na custaiméirí sna limistéir logánta atá buailte ar Scéim Soláthar Uisce
Phoiblí Mhuineacháin go bhfuil críoch agus deireadh láithreach bonn leis an bhfógra ‘Ná Óltar an tUisce’ a bhí i bhfeidhm ar an soláthar ón 24ú Deireadh Fómhair 2023.

Is féidir le gach tomhaltóir tosú ar an soláthar uisce a úsáid mar is gnách arís le haghaidh óil,
bia a ullmhú agus fiacla a scuabadh.

Tá Ionad Teagmhála Uisce Éireann do Chustaiméirí (1800 278 278) ar fáil chun ceisteanna ó
chustaiméirí a fhreagairt maidir le deireadh a chur leis an bhFógra seo. Tá a thuilleadh eolais
ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.water.ie.

Ba mhaith le hUisce Éireann a bhuíochas a ghabháil don phobal i gcoitinne as bheith
foighneach, comhoibritheach agus cabhrach le linn thréimhse an fhógra ‘Ná hÓltar an tUisce’
agus tá fíorbhrón orthu má chuir sé isteach ar shealbhóirí tí agus ar phobal gnó i slí ar bith.

Anthony Skeffington
Bainisteoir Oibríochtaí Réigiúnacha
Uisce Éireann