Seirbhísí Uisce

Tá dhá phríomhaicmiúchán de sholáthar uisce i gceist i gContae Mhuineacháin:

Soláthar Poiblí Uisce: Tá na soláthairtí seo faoi chúram nó faoi úinéireacht Uisce Éireann nó duine ar bith a ghníomhaíonn i gcomhpháirt leis no thar a ceann faoi chomhaontú ar leibhéal seirbhíse nó faoi chonradh.

Soláthar Príobháideach Uisce: Ní oibríonn Uisce Éireann na soláthairtí seo. 

Tá Soláthairtí Príobháideacha Uisce déanta de na cineálacha seo a leanas:

  • Is ionann Scéimeanna Grúpaí Príobháideacha agus soláthairtí ina ndéanann scéim grúpa uisce, a bhunaigh an pobal áitiúil, bainistiú ar astarraingt uisce, cóireáil uisce agus leithdháileadh uisce cóireálta.
  • Is ionann Soláthairtí Beaga Príobháideacha agus soláthairtí a fhreastlaíonn ar ghníomhaíocht tráchtála nó poiblí. Déanann an úinéir nó bainisteoir astarraingt, cóireáil agus seachadadh an uisce a bhainistiú. Ar na samplaí de ghníomhaíochtaí tráchtála nó poiblí a bhfreastlaítear orthu le soláthairtí beaga príobháideacha, tá óstáin, tithe tábhairne agus bialanna, naíolanna agus bunscoileanna.
  • Le Toibreacha Tí, freastalaítear ar thithe príobháideachta, i gceantair thuaithe den chuid is mó. Is minic a thugtar toibreacha príobháideacha ar thoibhreacha tí freisin. Is é an sealbhóir tí atá freagrach as an gcineál seo soláthair a bhainistiú.

 

Tá freagrachtaí dlí ar an Soláthróir agus ar Chomhairle Comhairle Contae Mhuineacháin araon i dtaobh soláthairtí príobháideacha, faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil), 2023

gaIrish