Dúnadh Sealadach Bóithre – Comhairle Contae Mhuineacháin

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Bhéal Átha Béithe-Chluain Eois i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta:               18 Márta 2023

Uaireanta:                       idir 2pm agus 4pm

Fáth:                                 Paráid Lá Fhéile Pádraig  

Bóithre a bheidh dúnta: 

R-183 idir an t-acomhal leis an LS6290 ag Scoil Náisiúnta Naomh Laobháin agus an t-acomhal leis an R189, an tSráid Mhór, Cúil Darach, agus idir acomhal R189/R183 ar an tSráid Mhór agus acomhal LP2222, Bóthar Achadh na hAbhla, ar an tSráid Mhór.

 

Malairt slí:

Ó Chluain Eolais ar R-183 Sráid Uí Dhufaigh, leanfar chuig an acomhal leis an N54 agus casfar ar dheis chuig an N54 i dtreo Mhuineacháin. Leanfar ar aghaidh ar an N54 go dtí an t-acomhal le R189 Teach na dTrí Mhíle/Cúil Darach agus casfar ar dheis chuig an R189. Leanfar ar an R189 go Cúil Darach.

Ó Chúil Darach: Leanfar ar an R189 i dtreo Theach na dTrí Mhíle/Mhuineacháin go dtí an t-acomhal leis an N54. Casfar ar chlé ag an acomhal leis an N54 agus leanfar ar aghaidh go dtí na soilse tráchta i gCluain Eois agus casfar ar chlé ag an acomhal chuig R183 Sráid Uí Dhufaigh.  Casfar ar chlé ag an gcéad acomhal eile chun dul go Cúil Darach

Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht a chur faoi bhráid Roinn na mBóithre, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, 14 Márta 2023.  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois ar 047 51018 nó ar ríomhphost clones@monaghancoco.ie

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

9 Márta 2023