Tá an fhoireann Síochána ag comhordú próiseas comhairliúcháin leis an bpobal i gcoitinne chun Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt. Tá Céim 1 den phróiseas comhairliúcháin críochnaithe agus beidh roinnt imeachtaí poiblí agus ar líne ar siúl ar fud an Chontae i mí Feabhra 2023 in éineacht le suirbhé ar líne. Bhí na himeachtaí an-rathúil i dtéarmaí leibhéal an rannpháirteachais agus na dtosaíochtaí áitiúla a sainaithníodh ag leibhéal MD agus contae araon.
Tá an próiseas comhairliúcháin fós ag dul ar aghaidh agus tá am fós ag pobail áitiúla páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a roinnt maidir le Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt. Tabharfaidh próiseas chéim 2 na príomhthosaíochtaí a sainaithníodh ag céim 1 ar aghaidh agus déanfaidh sé iniúchadh ar smaointe/coincheapa tionscadail féideartha breise. Is iad seo a leanas dátaí agus amanna na n-imeachtaí Comhairliúcháin Chéim 2;
Dáta | Am | Ionad |
Céadaoin, an 26 Aibreán 2023
|
2.30i.n. – 4.30i.n. | Ionad Íontas, Baile na Lorgan |
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 | 10.30i.n. – 12.30i.n. | Nasc Síochána, Cluain Eois |
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 | 2.30i.n. – 4.30i.n. | Amharclann an Gharáiste, Muineachán |
Glac páirt trí freastal ar cheann de na himeachtaí seo a leanas:
Níl aon cheanglas ort do spéis a chlárú chun freastal ar imeacht.
Má tá tuilleadh eolais uait faoin bpróiseas comhairliúcháin, déan teagmháil le Nicola Payne ar an teileafón ar 047 30500 nó ar ríomhphost ag npayne@monaghancoco.ie