FÓGRA LENA bhFOILSÍTEAR TÚS AN INIÚCHTA COMHAIRLE CONTAE MHUINEACHÁIN

Tugtar fógra leis seo go gcuirfidh Martin White, Iniúchóir Rialtais Áitiúil, tús leis an iniúchadh ar chuntais na heagraíochta rialtais áitiúil thuasluaite don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2023 ar an 10 Aibreán 2024. De réir airteagal 17 de Rialacháin 2014 maidir le Rialtais Áitiúla (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta, breithneoidh an tIniúchóir Rialtais Áitiúil agóidí in aghaidh aon ní atá sna cuntais éagsúla sin le linn an iniúchta.

Ba cheart fógra scríofa maidir le haon agóid bheartaithe, ina leagtar amach na sonraí agus na forais ábhartha ar a ndéanfar an agóid, a chur chuig an Iniúchóir Rialtais Áitiúil thuasluaite ag an seoladh Comhairle Contae Mhuineacháin, An Gleann, Muineachán, laistigh de 10 lá ó thús an iniúchta.

Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil le linn uaireanta oifige lena iniúchadh ag gach duine ar feadh tréimhse 7 lá roimh thús an iniúchta.

Arna dhátú an 4 Aibreán 2024

Robert Burns