FÓGRA FAOI MHOLADH CHUN PLEAN FORBARTHA CHONTAE MHUINEACHÁIN, 2019–2025

MCC Crest

AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (arna leasú)

FÓGRA FAOI MHOLADH CHUN PLEAN FORBARTHA CHONTAE MHUINEACHÁIN, 2019–2025, A ATHRÚ

(ATHRÚ UIMH.6)

 

Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Mhuineacháin athrú (Athrú Uimh.6) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Mhuineacháin, 2019–2025. Cuimsítear san athrú molta athrú ar chriosú Lána Theach Shirley, Carraig Mhachaire Rois ó “Crios Cónaithe Cheana” go “Lár an Baile”.

 

Is iad an phleanáil chuí agus an inbhuanaitheacht forbartha is cúis leis an athrú molta.

 

Is féidir tuilleadh faisnéise, lena n‑áirítear cinntí scagtha SEA agus AA, a fháil ar shuíomh gréasáin na Comhairle https://monaghan.ie/planning/planning/pleanail/ Tá cóip den athrú molta ar fáil lena breithniú freisin

go dtí 5 i.n. ar an 18 Deireadh Fómhair 2024 ag na suíomhanna agus na huaireanta seo a leanas

  • Oifigí Pleanála Chomhairle Contae Mhuineacháin, 1 Sráid Bhaile Átha Cliath, Muineachán H18 X982 le linn uaireanta oscailte idir 9.15 r.n. agus 5 i.n. (dúnta am lóin 1 i.n. – 1.30 i.n.) agus
  • Oifig Cheantar Bardasach Bhaile na Lorgan-Charraig Mhachaire Rois, Bóthar Chois Abhann, Carraig Mhachaire Rois, A81HY83, idir 9 r.n. agus 5 i.n.

 

Cuirfear aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn, i ndáil leis an athrú molta, a chuirfear faoi bhráid an údaráis pleanála roimh 5 i.n. ar an 18 Deireadh Fómhair 2024 san áireamh sula ndéanfar an t‑athrú.

Ba cheart aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn a chur chuig Oifigí Pleanála Chomhairle Contae Mhuineacháin, 1 Sráid Bhaile Átha Cliath, Muineachán H18 X982 NÓ ar ríomhphost chuig variationdevplan@monaghancoco.ie

 

 

Cathal Flynn

Stiúrthóir Seirbhísí

19 Meán Fómhair 2024