An Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2018

Cá bhfuil breis faisnéise ar fáil?
Riarann na húdaráis áitiúla an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise, ciorclán ina measc ina dtugtar cuntas ar shonraí na Scéime (an SIOT 18/1), sa mhullach ar fhoirmeacha iarratais, ar láithreán gréasáin gach údaráis áitiúil.
Ba cheart d’iarratasóirí teagmháil a dhéanamh leis an rannóg ábhartha pleanála nó leis an oifigeach caomhnaithe ina n-údarás áitiúil le haon cheisteanna maidir leis an Scéim .

Chun teacht ar threoir ar phrionsabail chaomhnaithe oidhreacht ailtireachta agus faoi thabhairt faoi oibreacha ar fhoirgnimh stairiúla, féach, le do thoil, Cosaint Oidhreacht Ailtireachta – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála a d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tugtar comhairle i Sraith Comhairle na Roinne ar conas is fearr foirgnimh stairiúla a dheisiú, a chothabháil agus a oiriúnú. Is féidir na foilseacháin seo a cheannach ón Oifig Foilseacháin Rialtais nó in aon siopa leabhar nó is féidir iad a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Roinne:

www.chg.gov.ie/app/uploads/2015/07/Architectural-Heritage-Protection-Guidelines-2011.pdf

Cén saghsanna oibre a chisteofar?

Beartaíonn an Scéim deisiú agus caomhnú cuí struchtúr stairiúil a chistiú le hoibreacha:

  • Atá báúil do charachtar agus díol spéise ar leith an struchtúir
  • A bhaineann caighdeán amach atá ar comhionann leis na gnéithe maisiúla, na hábhair agus na teicnící stairiúla

Féadtar roinnt oibreacha a chistiú a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh stairiúil.

Cén saghsanna oibre nach gcisteofar?

Ní féidir an Scéim a úsáid chun na saghsanna seo a leanas d’oibreacha a chistiú:

  • Gnáthchothabháil agus miondeisiúcháin
  • Athruithe agus feabhsúcháin (seachas oibreacha áirithe faofa chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh)
  • Scartáil (seachas nuair a bhíonn seo mar chuid de thionscadal faofa ina ndéantar struchtúr a bhaint dá chéile go cúramach sula n-aischuirtear é)
  • Oibreacha d’atógáil thuairimeach sa chás nach ann d’fhianaise dhaingean fhisiciúil nó cháipéisíochta i leith staid an struchtúir nó na gné ní ba luaitheIs féidir breis faisnéise a fháil ar oibreacha incháilithe i gCiorclán an SIOT 18/1.

 

An Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha 2018 – CIORCLÁN TREORACH >>

Ciorclán an SIOT 18/01 Aguisín II – Foirm Iarratais A >>