Tá sé i gceist ag Coiste Gaeilge, Comhairle Contae Mhuineacháin maoiniú teoranta a dháileadh ar ghrúpaí pobail sa chontae a bheadh sásta ócáid a reachtáil le linn Seachtain na Gaeilge.
Bheadh na himeachtaí seo a leanas oiriúnach
- Léirithe ceoil as Gaeilge
- Scéalaíocht as Gaeilge
- Ciorcal Comhrá as Gaeilge
- Tráth na gCeist as Gaeilge
- Imeachtaí Spóirt as Gaeilge
- Pop up Gaeltachta
Ag seo na coinníollacha a bhainfidh leis an maoiniú
- Beidh an ócáid ar fad as Gaeilge.
- Is ar ghrúpaí pobail amháin a bhronnfar an maoiniú, ní mór cuntas bainc a bheith ag an ngrúpa. Ní bhronnfar maoiniú ar dhuine aonair.
- Beidh na himeachtaí ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge agus caithfear iad a chlárú ar snag.ie
- Ní mór an maoiniú ó Choiste na Gaeilge a admháil in aon phoiblíocht.
- Ní bhronnfar os cionn €100 ar aon iarratas.
Má tá suim ag an ngrúpa agatsa in ócáid a reachtáil, seol r-phost led thoil chuig Nial Ó Conchúir, Oifigeach Gaeilge ag noconnor@monaghancoco.ie agus luaigh an t-eolas seo a leanas
- Ainm an Ghrúpa
- Sonraí Teagmhála
- An dáta molta don ócáid
- An Láthair atá molta
- Cur síos ar an ócáid
- An méid atá á lorg (faoi réir uasmhéid €100)
Dáta deiridh Aoine 17 Feabhra 2023.
——————————————————————————————————————————————————————————
Could your community group contribute to the promotion of Irish Language in County Monaghan during Seachtain na Gaeilge 2023?
Monaghan County Council’s Coiste na Gaeilge is proposing to distribute a small amount of funding to community groups in the County to host an event as Gaeilge during Seachtain na Gaeilge.
Events might include
- Music events as Gaeilge
- Storytelling as Gaeilge
- Ciorcal Cómhra as Gaeilge
- Table Quiz as Gaeilge
- Sport events as Gaeilge
- Pop up Gaeltachta
The Following conditions will be attached to the funding
- Events must be As Gaeilge.
- Funding for community groups only, with a bank account. Individuals cannot apply.
- Events must be held during Seachtain na Gaeilge and be registered on snag.ie
- Funding from Coiste na Gaeilge must be acknowledged in any publicity
- Grants will not exceed €100 per applicant.
If your group is interested in hosting an event, please send an email to Nial Ó Conchúir Oifigeach Gaeilge at noconnor@monaghancoco.ie with the following information
- Name of Group
- Contact Details
- Proposed date of event
- Proposed Venue
- Description of event
- Amount being requested (subject to maximum €100)
Closing date is Friday 17th February 2023.