COMHAIRLE CONTAE MHUINEACHÁIN – PEACEPLUS Próiseas Comhairliúcháin

Tá an fhoireann Síochána ag comhordú próiseas comhairliúcháin leis an bpobal i gcoitinne chun Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt.  Tá Céim 1 den phróiseas comhairliúcháin críochnaithe agus beidh roinnt imeachtaí poiblí agus ar líne ar siúl ar fud an Chontae i mí Feabhra 2023 in éineacht le suirbhé ar líne.  Bhí na himeachtaí an-rathúil i dtéarmaí leibhéal an rannpháirteachais agus na dtosaíochtaí áitiúla a sainaithníodh ag leibhéal MD agus contae araon.

Tá an próiseas comhairliúcháin fós ag dul ar aghaidh agus tá am fós ag pobail áitiúla páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a roinnt maidir le Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt.   Tabharfaidh próiseas chéim 2 na príomhthosaíochtaí a sainaithníodh ag céim 1 ar aghaidh agus déanfaidh sé iniúchadh ar smaointe/coincheapa tionscadail féideartha breise.  Is iad seo a leanas dátaí agus amanna na n-imeachtaí Comhairliúcháin Chéim 2;​

Dáta Am Ionad
Céadaoin, an 26 Aibreán 2023

 

2.30i.n. – 4.30i.n. Ionad Íontas, Baile na Lorgan
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 10.30i.n. – 12.30i.n. Nasc Síochána, Cluain Eois
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 2.30i.n. – 4.30i.n. Amharclann an Gharáiste, Muineachán

Glac páirt trí freastal ar cheann de na himeachtaí seo a leanas:

Níl aon cheanglas ort do spéis a chlárú chun freastal ar imeacht.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin bpróiseas comhairliúcháin, déan teagmháil le Nicola Payne ar an teileafón ar 047 30500 nó ar ríomhphost ag npayne@monaghancoco.ie