Fógraíodh an clár LEADER nua do Chontae Mhuineacháin, lena mbaineann leithdháileadh táscach €6m. Tugann Coiste Mhuineacháin um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnólachtaí agus do phobail páirt a ghlacadh i gcruinnithe poiblí a bheidh mar bhonn eolais in ullmhúchán Straitéise Forbartha Áitiúla, lena dtreorófar seachadadh chlár LEADER 2023 – 2027.
Baileofar aiseolas ag cruinnithe agus imeachtaí an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) a bheidh ar siúl ar fud an chontae agus ar líne. Tá na himeachtaí beartaithe mar seo a leanas;
- Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 11.00r.n.
Amharclann an Gharáiste, Muineachán
- Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 2.30i.n.
Peace Link, Cluain Eois
- Dé Máirt, 18 Aibreán 2023, 7.00i.n.
Imeacht ar líne (seol ríomhphost chuig npayne@monaghancoco.ie le clárú)
- Dé Céadaoin, 19 Aibreán 2023 00i.n.
Teach na mBocht, Carraig Mhachaire Rois
Reáchtálfar dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí eile a dhíreoidh ar Chlár LEADER 2023 -2027;
- Dé Luain, 17 Aibreán 2023, 7.30i.n.
Ionad Pobail Oakland, Glasloch
- Dé Luain, 24 Aibreán 2023, 7.30i.n.
Ionad Pobail Dhúthamhlachta, Dúthamhlacht.
Tapaigh an deis a bheith páirteach maidir le treo an mhaoinithe agus na mbeartas i gContae Mhuineacháin amach anseo a chinneadh. Moltar do gach pobal agus gnólacht a gcuid tuairimí a roinnt.