Is é is cuspóir don Rannóg Pleanála soláthar a dhéanamh do phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an chontae, forbairt pobal agus fiontar inbhuanaithe a chur chun cinn agus a éascú, agus a chinntiú go gcosnófar oidhreacht nádúrtha agus thógtha agus taitneamhacht an chontae.












