An bhféadfadh an grúpa pobail agatsa cur le cur chun cinn na nGaeilge i gContae Mhuineacháin le linn Seachtain na Gaeilge 2022?

Tá sé i gceist ag Coiste Gaeilge, Comhairle Contae Mhuineacháin maoiniú teoranta a dháileadh ar ghrúpaí pobail sa chontae a bheadh sásta ócáid a reachtáil le linn Seachtain na Gaeilge.

Bheadh na himeachtaí seo a leanas oiriúnach

  • Léirithe ceoil as Gaeilge
  • Scéalaíocht as Gaeilge
  • Ciorcal Comhrá as Gaeilge
  • Tráth na gCeist as Gaeilge
  • Imeachtaí Spóirt as Gaeilge
  • Pop up Gaeltachta

 

Ag seo na coinníollacha a bhainfidh leis an maoiniú

  • Beidh an ócáid ar fad as Gaeilge.
  • Is ar ghrúpaí pobail amháin a bhronnfar an maoiniú, ní mór cuntas bainc a bheith ag an ngrúpa. Ní bhronnfar maoiniú ar dhuine aonair.
  • Ní ghlacfar le hiarratais ó scoileanna ná ó chumainn tuismitheoirí i mbliana
  • Beidh na himeachtaí ar siúl le linn Seachtain na Gaeilge agus caithfear iad a chlárú ar snag.ie
  • Ní mór an maoiniú ó Choiste na Gaeilge a admháil in aon phoiblíocht.
  • Ní bhronnfar os cionn €200 ar aon iarratas.

 

Má tá suim ag an ngrúpa agatsa in ócáid a reachtáil, seol r-phost led thoil chuig Nial Ó Conchúir, Oifigeach Gaeilge ag noconnor@monaghancoco.ie agus luaigh an t-eolas seo a leanas

  1. Ainm an Ghrúpa
  2. Sonraí Teagmhála
  3. An dáta molta don ócáid
  4. An Láthair atá molta
  5. Cur síos ar an ócáid
  6. An méid atá á lorg (faoi réir uasmhéid €200)

Dáta deiridh Aoine 25 Feabhra 2022.