Tá ról tábhachtach ag an rannóg airgeadais i dtacaíocht agus seachadadh seirbhísí i gComhairle Contae Mhuineacháin. Tá an rannóg airgeadais freagrach as acmhainní airgeadais na Comhairle a bhainistiú go leanúnach, a rialú agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Déanaimid é seo trí phleanáil airgeadais, bailiú ioncaim agus bainistiú cistíochta. Áirítear ar na príomhfheidhmeanna atá againn an Buiséad Bliantúil agus an Ráiteas Airgeadais Bliantúil a ullmhú. Ar na gnéithe eile dár gcuid oibre, tá riaradh na gcuntas iníoctha, na gcuntas infhaighte agus cúrsaí árachais.






