Cáin ar mhaoin áitiúil is ea rátaí agus úsáidtear an t-ioncam mar pháirtmhaoiniú do chothabháil agus soláthar seirbhísí Chomhairle Contae Mhuineacháin in aghaidh an lae. Íoctar rátaí ar áitribh thráchtála agus luacháil déanta orthu ag an gCoimisinéir Luachála (an Oifig Luachála i mBaile Átha Cliath).
Cad é an ‘Ráta Bliantúil Luachála’ agus conas a áirítear é?
Is iad Baill Tofa na Comhairle a chinntíonn an ‘Ráta Bliantúil Luachála’ ag an gCruinniú bliantúil Buiséid. Tagtar ar an Ráta Bliantúil Luachála trí thagairt don easnamh iomlán in ioncam na Comhairle, inroinnte ar mhéid iomlán luacháil na n-áitreabh inrátaithe sa Chontae (ar a dtugtar an Luacháil Éifeachtach Glan).
The Annual Rate on Valuation for Monaghan County Council for the service year ending 31st December 2018 is €57.63.
Caitear na rátaí ar mhaoiniú do sheirbhísí éagsúla mar Thithíocht, Bóithre, Seirbhísí Comhshaoil agus Caitheamh Aimsire & Conláistí.
Féadfar rátaí a íoc leis an gComhairle Contae nó ag aon cheann de na hOifigí Ceantar Bardasach mar a leanas
Airgead Tirim/Seic/Ordú Poist
Cárta Visa Dochair/Sochair
Dochar Díreach
Ordú Seasta
Section 32 Application Form – Word Format
Section 32 Application Form – PDF Format
Féadfar na foirmeacha anso thíos a íoslódáil chun rátaí a íoc trí dhochar díreach. Tabhair aird led thoil go seoltar an fhoirm ordú seasta chuig an banc agus an fhoirm don dochar díreach chuig Comhairle Contae Mhuineacháin.
Standing Order – Word Format
Direct Debit – Word Format