An Músaem

musemlogompsi

Tá Músaem Contae Mhuineacháin ag freastal ar riachtanais phobal Mhuineacháin le breis is 40 bliain. Le linn na tréimhse úd táthar tar éis éagsúlacht a bhreith isteach is í sin ag freagairt do riachtanais phobal ag athrú. Tá gradaim bainte amach ag an músaem seo agus iad go hiomlán proifisiúnta is tiomanta do chúram a dhéanamh den bhailiúchán agus é a thaispeáint. Féachtar chuige chomh maith go bhfuil inrochtaineacht ag baint leis an mbailiúchán chomh fada agus is féidir idir mheabhrach agus fisiciúil.
Tá roinnt taispeántas for-rochtana ag an músaem ar fud an chontae, rinneadh uasghrádú ar na taispeántais le déanaí agus rudaí nua inrochtana ar taispeáint. Tá an t-eolas is déanaí maidir le bailiúcháin agus ócáidí ar shuíomh idirlín is leathanach Facebook an mhúsaeim.