Daonacmhainní

Tá an Roinn Daonacmhainní go príomha freagrach as

  • Foireann a earcú is a scaradh amach
  • Traenáil agus Forbairt Foirne
  • Bainistiú Feidhmíochta
  • Polasaithe agus Cleachtais um Dhaonacmhainní
  • Comhionannas agus Éagsúlacht a Bhainistiú
  • Caidreamh Cothrom agus Éagsúlacht a Bhainistiú

Foireann

Aithníonn Comhairle Contae Mhuineacháin gurb iad an fhoireann an acmhainn is luachmhara san eagraíocht agus ról géibheannach acu  maidir le cuspóirí a bhaint amach laistigh den eagraíocht. Díríonn an Chomhairle Contae ar ligean do na fostaithe go léir  an mianach atá iontu a chur i gcrích trí oiliúint agus páirtíocht i seirbhísí ardchaighdeáin a phleanáil is a sholáthar.

Oiliúint agus Forbairt Foirne  

Tá Comhairle Contae Mhuineacháin tiomanta go mór don infheistíocht in oiliúint  agus forbairt na bhfostaithe. Cinntítear dá réir sin go mbíonn an cumas riachtanach iontu chun seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar don phobal.

  • Déantar anailís ar riachtanais traenála ar bhonn bliantúil
  • Ullmhaítear Pleananna Bliantúla Traenála agus Forbartha
  • Reachtáiltear clár láidir oiliúna, trí lucht na comhairle agus eile, a dhíríonn ar réimse leathan ábhar mar sheirbhís custaiméara, cumarsáid, sláinte agus sábháilteacht, teicneolaíocht eolais, bainistiú daonacmhainní, bainistiú feidhmíochta, bainistiú airgeadais, bainistiú athruithe, bainistiú tionscnamh, bainistiú tinrimh, cúrsaí fála, dignit san obair, cosaint leanaí, saineolas proifisiúnta agus teicniúil maraon le scileanna gairmiúla
  • Déantar measúnú rialta ar ghníomhaíochtaí oiliúna agus forbartha   

 

Córas Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (PMDS)

Déanann an Roinn Daonacmhainní comhordú ar oibriú an Chóras Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (PMDS) i gComhairle Contae Mhuineacháin. Déantar cúram de na cuspóirí straitéiseacha laistigh de Phlean Corparáideach na Comhairle Contae a aistriú go cuspóirí oibríochta do mheithil agus fostaithe aonair ar fud na heagraíochta. Baintear leas as an bPlean Corparáideach mar bhonn faoi Phleananna Forbartha Meitheal (TDP) laistigh de gach roinn agus dá réir sin bíonn Plean Forbartha Pearsanta do gach aon fhostaí. Sna pleananna úd  bíonn aidhmeanna, spriocanna agus scálaí ama a chinntíonn go mbíonn an fhoireann de shíor ag soláthar seirbhís den scoth don phobal. Leagann PMDS béim mhór ar riachtanais oiliúna agus forbartha na foirne a aithint lena chinntiú go mbíonn na scileanna cuí acu chun aidhmeanna agus cuspóirí na heagraíochta a chur i gcrích.

Comhionannas agus Éagsúlacht

Bíonn Comhairle Contae Mhuineacháin tiomanta do phrionsabail rochtana, páirtíochta agus torthaí maidir le soláthar seirbhísí agus an fheidhm Daonacmhainní. Déantar iarracht a chinntiú go bpléitear go cothrom le gach saoránach agus nach ndéantar idirdhealú ar bith ar éinne maidir leis na cúrsaí a aithnítear sa reachtaíocht chomhionannais.

Caidreamh Tionsclaíoch

Oibríonn an Roinn Bainistiú Daonacmhainní le Comharchumainn agus Ionadaithe foirne chun dea-chaidreamh oibre a bhaint amach agus táthar tiomanta do thimpeallacht Caidrimh Phoiblí fónta a fheidhmiú.

Folúntais faoi láthair Folúntais roimhe seo

Cosaint Sonraí

Earcaíocht agus próiseas roghnaithe Socrúcháin taithí oibre