Oidhreacht

Cuid den Roinn Pleanála i gComhairle Contae Mhuineacháin is ea an Oifig Oidhreachta. Táimid freagrach as Plean Oidhreachta Chontae Mhuineacháin, Plean Bithéagsúlachta Contae Mhuineacháin agus Struchtúir Chosanta a Chaomhnú.

Is iad An Chomhairle Oidhreachta agus Comhairle Contae Mhuineacháin i bpáirt a mhaoiníonn an post mar Oifigeach Oidhreachta agus an Plean Oidhreachta a chur i gcrích.

Bíonn Ócáidí Oidhreachta ann go rialta, san áireamh bíonn réimse imeachtaí le linn Seachtain Oidhreachta, de ghnáth is í sin an tseachtain deiridh Lúnasa. www.heritageweek.ie

Gníomhaíonn an Oifig Oidhreachta mar rúnaíocht don bhFóram Oidhreachta Chontae Mhuineacháin, a chuireann comhairle maidir leis an bPlean Oidhreachta a chur i gcrích. Comhlacht ilpháirtithe leasmhara is ea an fóram mar a bhfuil baill tofa, áisínteachtaí reachtúla is eile, grúpaí pobal agus deonach agus foireann Comhairle Contae Mhuineacháin.

CUR SÍOS ORAINN PLEANANNA
TIONSCNAIMH & TAIRISCINTÍ ÓCÁIDÍ OIDHREACHTA