Submissions Sought from the Public on Local Adjustment Factor for Property Tax
The Finance (Local Property Tax) Act 2012 (as amended), makes specific provision that elected members of a local authority may pass a formal resolution to vary the basic rate of the Local Property Tax for their administrative area by a percentage known as the local adjustment factor.
At the meeting set by Monaghan County Council to consider this matter, the members may set a local adjustment factor within the range of -15% to +25% of the basic rate, or, may decide not to adjust the basic rate. Monaghan County Council will meet on the 7th September 2026 to consider the setting of a local adjustment factor.
Monaghan County Council welcomes written submissions from the public on this matter specifically covering the potential effects of varying the basic rate of the Local Property Tax on businesses, individuals and on local authority services.
Submissions must be received by Friday 24th July 2026 and be sent to:
- Monaghan County Council, LPT Submissions, County Offices, The Glen, Monaghan
- email lpt@monaghancoco.ie
Robert Burns, Chief Executive
Dated: 25th June 2026
Aighneachtaí á Lorg ón bPobal maidir leis an bhFachtóir Coigeartaithe Áitiúil le haghaidh Cáin Mhaoine Áitiúil
Déantar foráil shonrach san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú) go bhféadfaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú dá limistéar riaracháin faoi chéatadán ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil.
Ag an gcruinniú a shocraigh Comhairle Contae Mhuineacháin chun an t-ábhar sin a bhreithniú, féadfaidh na comhaltaí fachtóir coigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh den raon -15% go +25% den bhunráta, nó féadfaidh siad a chinneadh gan an bunráta a choigeartú. Tiocfaidh Comhairle Contae Mhuineacháin le chéile an 7 Meán Fómhair 2026 chun breithniú a dhéanamh ar shocrú an fhachtóra coigeartaithe áitiúil.
Fáiltíonn Comhairle Contae Mhuineacháin roimh aighneachtaí ón bpobal ar an ábhar seo, lena gcuimsítear go sonrach na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athrú bhunráta na Cánach Maoine Áitiúla ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi Dé hAoine, an 24 Iúil 2026 agus a sheoladh chuig:
- Comhairle Contae Mhuineacháin, Aighneachtaí CMÁ, Oifigí an Chontae, An Gleann, Muineachán
- ríomhphost lpt@monaghancoco.ie
Robert Burns, Príomhfheidhmeannach
Dáta: 25 Meitheamh 2026