Environment Department,
Oifigí Cathartha Charraig Mhachaire Rois
Bóthar Chois Abhann
Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin
A81 RY22

Telephone: 042 9661240

Email:

dogs@monaghancoco.ie

 

Rialú Madraí

Fostaíonn Comhairle Contae Mhuineacháin Maor Madraí amháin agus tá Póna Madraí amháin ann do chontae Mhuineacháin. Is é cuspóir an Mhaoir Madraí ná madraí ar bith a bhfuil an chuma air gur madraí seachráin nó madraí gan úinéir iad sa chontae a ghabháil agus a thógáil. 

Fiosraíonn an Maor Madraí tuairiscí faoi ionsaithe madraí ar dhaoine nó ar bheostoc freisin agus déanann sé seiceálacha ar fud an chontae chun a chinntiú go bhfuil ceadúnas agus micrishliseanna ag madraí, agus go gcoinnítear faoi rialú cuí iad.

Is é bunaidhm an Phóna Madraí ná áit shlán shábháilte a chur ar fáil chun madraí seachráin nó madraí gan úinéir a choinneáil, ar mhaithe lena sábháilteacht féin agus le sábháilteacht tiománaithe, beostoic agus an phobail, agus na madraí a choinneáil i ndálaí leasa sásúla go dtí gur féidir lena n-úinéirí iad a fháil ar ais, nó go dtí go bhfaighidh siad úinéirí nua, nó go n-aistreofar iad chuig Tearmann Madraí na Carraige nó Dogs Trust nó, nuair is gá, go gcuirfear chun suain iad.

https://monaghan.ie/environment/ga/
gaIrish