Dúnadh Sealadach Bóithre – Fáth: Imeachtaí Lá Fhéile Pádraig

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta:                         Déardaoin, 16 Márta 2023

Uaireanta:                          6 p.m. agus 9 p.m.

Fáth:                                     Imeachtaí Lá Fhéile Pádraig

 

Bóithre a bheidh dúnta:

  • Sráid Mhic Curtáin (R212) idir an N54 agus Caolsráid na Láimhe
  • Sráid Áth an Lobhair idir Sráid Mhic Curtáin (R212) agus Lána na Mainistreach
  • Sráid Fhear Manach idir an N54 agus Bóthar na hIubhaile (R183)
  • Sráid Chara (N54) idir Caolsráid na Láimhe agus an Diamant
  • Sráid Mhuineacháin (N54) idir Sráid Uí Dhufaigh (R183) agus an Diamant
  • Ard na hEaglaise idir acomhal Bhóthar Leacaigh ag Lios Éigeartáin agus na soilse tráchta (R183)

 

Malairt Slí:

Cuirfear an trácht ar mhalairt slí

Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid Roinn na mBóithre, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, 7 Márta 2023.  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois ar 047 51018 nó ar ríomhphost clones@monaghancoco.ie

 

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

2 Márta 2023