Dúnadh Sealadach Bóithre – Fáth: Paráid Lá Fhéile Pádraig

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go ndúnfar na bóithre a leanas i gCeantar Bardasach Mhuineacháin i gContae Mhuineacháin:

Dáta:                     Dé hAoine, 17 Márta 2023

Uair:                      idir 12.30 p.m. agus 6 p.m.

Fáth:      Paráid Lá Fhéile Pádraig

 

Bóithre a bheidh dúnta:

  • R867 – Cearnóg na hEaglaise/an Diamant, Muineachán – idir Leacht Cuimhneacháin Dawson agus Cearnóg na hEaglaise
  • LS5515 – Sráid an Mhuilinn Íochtarach

 

Malairt slí:

Cuirfear an trácht idir Scairbh na gCaorach agus Béal Átha Béithe, Cluain Eois agus Muinchille ar mhalairt slí ar sheachbhóthar an N2 chuig Bóthar Bhaile Átha Cliath agus Bóthar Mhic Cairthinn (R54)

Gheofar rochtain áitiúil ar lár an bhaile agus carrchlós Theach na Cúirte ar Shráid Ghlaslocha, Bóthar Mhic Cairthinn agus Bóthar an Chaisleáin.

Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht a chur faoi bhráid Roinn na mBóithre, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, 7 Márta 2023. Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh beartaithe na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Mhuineacháin ar 047 73777 nó ar ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

 

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

2 Márta 2023