Dúnadh Sealadach Bóithre – Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go ndúnfar na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta:                 18 Márta 2023

Uaireanta:                          idir 2pm agus 4pm

Fáth:                                     Paráid Lá Fhéile Pádraig

 

Bóithre a bheidh dúnta: 

R183 idir an t-acomhal leis an LS6290 ag Scoil Náisiúnta Naomh Laobháin agus an t-acomhal leis an R189, an tSráid Mhór, Cúil Darach, agus idir acomhal R189/R183 ar an tSráid Mhór agus acomhal LP2222, Bóthar Achadh na hAbhla, ar an tSráid Mhór.

 

Malairt slí:

Ó Chluain Eois ar R183 Sráid Uí Dhufaigh, leanfar chuig an acomhal leis an N54 agus casfar ar dheis chuig an N54 i dtreo Mhuineacháin. Leanfar ar aghaidh ar an N54 go dtí an t-acomhal le R189 Teach na dTrí Mhíle/Cúil Darach agus casfar ar dheis chuig an R189. Leanfar ar an R189 go Cúil Darach.

 

Ó Chúil Darach: Leanfar ar an R189 i dtreo Theach na dTrí Mhíle/Mhuineacháin go dtí an t-acomhal leis an N54. Casfar ar chlé ag an acomhal leis an N54 agus leanfar ar aghaidh go dtí na soilse tráchta i gCluain Eois agus casfar ar chlé ag an acomhal chuig R183 Sráid Uí Dhufaigh.  Casfar ar chlé ag an gcéad acomhal eile chun dul go Cúil Darach

 

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

16 Márta 2023