Dúnadh Sealadach Bóithre

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre seo a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Chluain Eois i gContae Mhuineacháin:

Dáta an dúnta: Dé Sathairn, an 16 Márta 2024

 Uaireanta: (i) idir 18:30 agus 21:00 agus (ii) idir 19:00 agus 21:00

Fáth: Paráid Oíche Fhéile Pádraig 2024

Bóithre a bheidh dúnta: (i) idir 18:30 agus 21:00.

  1. R212 Sráid Mhic Curtáin idir an N54 agus L2821 Caolsráid na Láimhe.
  2. R183 Sráid Áth an Lobhair idir R212 Sráid Mhic Curtáin agus L2820 Sráid na Mainistreach.
  3. R868 Sráid Fhear Manach idir R183 Ascaill 98 agus an N54.
  4. N54 Sráid Chara idir L2821 Caolsráid na Láimhe agus R868 Sráid Fhear Manach.
  5. N54 Sráid Mhuineacháin idir R868 Sráid Fhear Manach agus crosbhóthar an N54 le R183 Sráid Uí Dhufaigh agus R183 Ascaill 98.

 

Bóithre a bheidh dúnta: (i) 19:00 go 21:00.

  1. L2800 Sráid Fhear Manach Íochtarach, L2800 Ard na hEaglaise agus L2800 Sruthán an Mhuilinn Uachtarach idir R183 Ascaill 98 agus acomhal L2800 Sruthán an Mhuilinn Uachtarach le L2100 Bóthar Leacaigh.

 

Malairt slí:

Déanfar trácht atá ag dul soir ar an N54 a chur ar mhalairt slí trí U9143 Bóthar Chluain Fada, A34 Bóthar Chluain Eois, R183 Bóthar an Bhaile Nua agus R183 Ascaill 98.

Déanfar trácht atá ag dul siar ar an N54 a chur ar mhalairt slí trí R183 Sráid Uí Dhufaigh, R183 Sráid Áth an Lobhair, L2820 Sráid na Mainistreach agus L2821 Caolsráid na Láimhe.

Beidh gach Malairt Slí ar chomhartha ar mhaithe leis an Trácht a threorú. (Déanfar freastal ar Fheithiclí Rochtana Áitiúla agus Feithiclí Éigeandála i gcónaí).

Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid an Innealtóra Shinsearaigh Ghníomhaigh, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, an 5 Márta 2024 .  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnadh Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le Dúnadh na mBóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Mhuineacháin, Bóthar an Ghleanna, Muineachán ar 047 73777 nó ar ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie.

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993 (Roinn 75)

Kevin West

Innealtóir Sinsearach Gníomhach

Bóithre agus Iompar

29 Feabhra 2024