Dúnadh Sealadach Bóithre

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois-Bhaile na Lorgan i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta: 17 Márta 2024

Uaireanta: idir 2 p.m. agus 6 p.m.

Fáth: Paráid Lá Fhéile Pádraig

 

Bóithre a bheidh dúnta:

R927-3, idir Bóthar an Chaisleáin agus Bóthar Bhaile na Lorgan 

R178-6, idir timpeallán Bhóthar Dhún Dealgan agus an tSráid Mhór trí Shráid Fhearnaí

R179-6, idir an t‑acomhal leis an tSráid Mhór agus acomhal LS8510 (Bóthar Charraig Dhónaill)

 

Malairt slí:

Trácht ag dul ó thuaidh – Cuirfear ar mhalairt slí é ar Bhóthar an Chaisleáin theas go dtí R927 i dtreo an N2 ar Bhóthar Oiriall. Ó acomhal an N2 rachfar ó thuaidh, fágfar an N2 ag an Chlochbhaile Íochtarach i dtreo R927-2 Bóthar Bhaile na Lorgan, Carraig Mhachaire Rois. Críochnóidh an mhalairt slí ag Coláiste Inver.

Trácht ag dul ó dheas – Cuirfear ar mhalairt slí é ar LP4051 Bóthar Rois i dtreo thimpeallán Bhóthar Shearcóige agus suas Bóthar Rois arís. Ó Bhóthar Rois cuirfear an trácht ó thuaidh go dtí R927-2 Bóthar Bhaile na Lorgan i dtreo an N2. Ó acomhal an N2, cuirfear an trácht ó dheas, fágfar an N2 ag an Dromainn Uachtarach i dtreo thimpeallán Bhóthar Dhún Dealgan. Leanfar ar R927-4 Bóthar Oiriall i dtreo Sheanbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia. Críochnóidh an mhalairt slí ag acomhal Bhóthar an Chaisleáin.

 Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid an Innealtóra Shinsearaigh Ghníomhaigh, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, an 5 Márta 2024 .  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

 

Má tá aon cheist agat maidir le Dúnadh na mBóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois-Bhaile na Lorgan, Bóthar Chois Abhann, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin ar 042 9661236 nó ar ríomhphost carrickmacross@monaghancoco.ie.

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Kevin West

Innealtóir Sinsearach Gníomhach

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

29 Feabhra 2024