Dúnadh Sealadach Bóithre

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre seo a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Mhuineacháin i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta: Dé Domhnaigh, an 17 Márta 2024

 Uaireanta: 12.30 p.m. go 6.00 p.m.

Fáth: Paráid Lá Fhéile Pádraig i mBaile Mhuineacháin

Bóithre a bheidh Dúnta:

  • R867 – Cearnóg na hEaglaise/An Diamant, Muineachán – idir Leacht Cuimhneacháin Dawson agus Cearnóg na hEaglaise
  • LS5515 – Sráid an Mhuilinn Íochtarach

 

Malairt slí:

Cuirfear an trácht idir Scairbh na gCaorach agus Béal Átha Beithe, Cluain Eois agus Muinchille ar mhalairt slí ar sheachbhóthar an N2 chuig Bóthar Bhaile Átha Cliath agus Bóthar Mhic Cairthinn (N54)

Gheofar rochtain áitiúil ar lár an bhaile agus carrchlós Theach na Cúirte ar Shráid Ghlaslocha, Bóthar Mhic Cairthinn agus Bóthar an Chaisleáin.

 Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht i scríbhinn a chur faoi bhráid an Innealtóra Shinsearaigh Ghníomhaigh, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, an 5 Márta 2024.  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le Dúnadh na mBóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Mhuineacháin, Bóthar an Ghleanna, Muineachán ar 047 73777 nó ar ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie.

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Kevin West

Innealtóir Sinsearach Gníomhach

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

29 Eanáir 2024