Cruinnithe Comhairliúcháin Phoiblí – Clár LEADER 2023-2027

Fógraíodh an clár LEADER nua do Chontae Mhuineacháin, lena mbaineann leithdháileadh táscach €6m. Tugann Coiste Mhuineacháin um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnólachtaí agus do phobail páirt a ghlacadh i gcruinnithe poiblí a bheidh mar bhonn eolais in ullmhúchán Straitéise Forbartha Áitiúla, lena dtreorófar seachadadh chlár LEADER 2023 – 2027.

Baileofar aiseolas ag cruinnithe agus imeachtaí an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) a bheidh ar siúl ar fud an chontae agus ar líne. Tá na himeachtaí beartaithe mar seo a leanas;

  • Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 11.00r.n.

Amharclann an Gharáiste, Muineachán

  • Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 2.30i.n.

Peace Link, Cluain Eois

  • Dé Máirt, 18 Aibreán 2023, 7.00i.n.

Imeacht ar líne (seol ríomhphost chuig npayne@monaghancoco.ie le clárú)

  • Dé Céadaoin, 19 Aibreán 2023 00i.n.

Teach na mBocht, Carraig Mhachaire Rois

 

Reáchtálfar dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí eile a dhíreoidh ar Chlár LEADER 2023 -2027;

  • Dé Luain, 17 Aibreán 2023, 7.30i.n.

Ionad Pobail Oakland, Glasloch

  • Dé Luain, 24 Aibreán 2023, 7.30i.n.

Ionad Pobail Dhúthamhlachta, Dúthamhlacht.

Tapaigh an deis a bheith páirteach maidir le treo an mhaoinithe agus na mbeartas i gContae Mhuineacháin amach anseo a chinneadh. Moltar do gach pobal agus gnólacht a gcuid tuairimí a roinnt.