Truailliú um Eisilteach Sadhlais a Chosc

Gach bliain sceitheann eisilteach sadhlais ó chlóis feirme. Is féidir le heisilteach – a shileann ó phoill a bhíonn ag sileadh, nó a sceitheann ó chainéil bhlocáilte nó aonaid atreoraithe nach bhfuil bainistíocht cheart déanta orthu – a bhealach a dhéanamh go sruthchúrsa áitiúil.

Is faoin talamh go minic a bhíonn an bealach éalaithe um eisilteach sadhlais, trí chladaí agus trí dhraenacha agus mura n-aimsítear é d’fhéadfadh truailliú tromchúiseach tarlú.

Bíonn struchtúir choincréite ag creimeadh mar thoradh ar nádúr aigéadach an eisiltigh le himeacht ama. D’fhéadfadh fadhbanna tarlú i seanphoill agus i bpoill nua nuair a chreimtear struchtúir nó nuair a bhíonn siad lochtach murach sin.

Poll sadhlais:

Is den tábhacht é ullmhúchán a dhéanamh: nigh an poll folamh le scairdniteoir agus seiceáil le haghaidh comharthaí creimthe coincréite nó scoilteanna. Seiceáil ailt bhallaí/urlár, urlár, cainéil agus forsheastán. Má tá tú in amhras faoi fhadhbanna lorg comhairle. Seiceáil go bhfuil struchtúr slán. Deisigh poll agus tabhair am le go mbeidh deisiúcháin éifeachtach.

Nuair a dhéantar sadhlas seiceáil go bhfuil cainéil agus aonad atreoraithe ag feidhmiú i gceart.

Seiceáil draenacha thart ar an gclós feirme go rialta.

Bí ar d’aire le haonaid atreoraithe

Burlaí Sadhlais:

Sa chás nach bhfuil aon áiseanna ar fáil chun aon eisilteach féideartha a bhailiú agus a stóráil ó bhurlaí sadhlais, stóráil burlaí sadhlais 20m ó aon shruthchúrsa agus ar airde 2 bhurla ar uasmhéid.

Chun breis eolais a fháil déan teagmháil leis an Rannóg Comhshaoil ar 042 9661240

Sínithe: Nuala Woods, Stiúrthóir ar Sheirbhísí: Gníomhú ar son na hAeráide, Seirbhísí Comhshaoil & Uisce