Fúinne

Tá Roinn Bóithre Chomhairle Contae Mhuineacháin freagrach as an ngréasán bóithre sa chontae a phleanáil, a dhearadh, a fheabhsú agus a chothabháil.

Saothar  leanúnach a bhíonn ann is é ag brath ar  mhaoiniú  chun gréasán sábhailte éifeachtach a sholáthar a dhéanfaidh freastal ar ghá tionsclaíoch, talmhaíochta, turasóireacht agus an pobal mór atá sa Chontae agus sa dúthaigh máguaird.

Tá 2, 408.97 ciliméadar den bhóthar poiblí i gContae Mhuineacháin agus 107 km mar bhóthar náisiúnta.

Tá Bonneagar Iompair Éireann freagrach as an ngréasán bóithre náisiúnta, agus tugtar airgead don Chomhairle chun na bóithre náisiúnta sa Chontae a fheabhsú.