Fúinne

Tá Roinn Bóithre Chomhairle Contae Mhuineacháin freagrach as an ngréasán bóithre sa chontae a phleanáil, a dhearadh, a fheabhsú agus a chothabháil.

Saothar  leanúnach a bhíonn ann is é ag brath ar  mhaoiniú  chun gréasán sábhailte éifeachtach a sholáthar a dhéanfaidh freastal ar ghá tionsclaíoch, talmhaíochta, turasóireacht agus an pobal mór atá sa Chontae agus sa dúthaigh máguaird.

Tá 2, 408.97 ciliméadar den bhóthar poiblí i gContae Mhuineacháin agus 107 km mar bhóthar náisiúnta.

Tá Bonneagar Iompair Éireann freagrach as an ngréasán bóithre náisiúnta, agus tugtar airgead don Chomhairle chun na bóithre náisiúnta sa Chontae a fheabhsú.

Maoinítear na bóithre neamhnáisiúnta trín Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus ó acmhainní na Comhairle féin.

Tá an contae suite go straitéiseach mar nasc idir ionaid mhóra daonra, dá bhrí sin tuigtear an tábhacht a bhaineann le naisc ar son forbairt socheacnamaíoch an cheantair.  I dteannta polasaí náisiúnta, cothóidh agus tógfaidh an Chomhairle mar fheidhm reachtúil an gréasán bóithre atá suite ina ceantar riaracháin ar son leas an réigiúin iomlán.

Soláthraíonn an Roinn Bóithre mórán seirbhísí gaolmhara i.e. ceadúnais oscailte bóithre, dúnadh sealadach bóithre, sábháilteacht ar bhóithre, cothabháil gheimhridh, bainistiú tráchta, soilsiú poiblí, cúrsaí éigeandála, ceadúnais d’ualaigh mínormálta, comharthaíocht eolais, luasteorainneacha, tuairisciú ar iarratais phleanála chomh fada is a bhaineann siad le bóithre.

Tá an Roinn Bóithre suite sa bhFoirgneamh M-Tek II ar an N12 Muineachán go hArd Mhacha ag   Cnoc an Chonnaidh, Muineachán.  Sonraí teagmhála:  roads@monaghancoco.ie nó glaoigh ar 047 30597, 30541 & 30570.

Data Protection

Service queries regarding roads abutting and Services in charge Data Subject Notification

Investigation of Public Roads queries & Service requests Data Subject Notification