Lá Idirnáisiúnta na mBan

Cuireann Tionól na mBan Chontae Mhuineacháin
fáilte ó chroí romhat ag ‘Cruinniú Comhairle

Droim ar Ais’ chun aird a tharraingt ar

Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Dáta: 8 Márta 2023 ag 3.00 p.m.
Ionad: Seomra na Comhairle, MTEK 1, Cnoc an Chonnaidh
Cláraigh ag: womensassembly@monaghancoco.ie

Is é Téama na bliana seo #Glac le Cothromas, agus beidh Cathaoirleach Thionól na mBan, an Comhairleoir Cathy Bennett, sa chathaoir. Ag cruinniú seo na Comhairle, cuirtear inscne na gComhairleoirí droim ar ais, mar sin, seachas 16 Comhairleoir fear agus 2 Chomhairleoir ban, beidh 16 Comhairleoir ban agus 2 Chomhairleoir fear againn.

Is é an cuspóir a bhaineann leis seo ná, ar dtús, aird a tharraingt ar an éagothroime seo i gcomhdhéanamh ár gcomhairlí tuaithe, agus ansin, chun feasacht a ardú ar obair agus ról na mban sa rialtas áitiúil. Táimid ag súil le tú a fheiceáil ann!