Dúnadh Sealadach Bóithre – Comhairle Contae Mhuineacháin

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go ndúnfar na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois/Bhaile na Lorgan i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta:               Dé hAoine, 17 Márta 2023

Uaireanta:                       idir 2 p.m. agus 6 p.m.

Fáth:                                 Paráid Lá Fhéile Pádraig

Bóithre a bheidh dúnta:

  • R927-3, idir Bóthar an Chaisleáin agus Bóthar Bhaile na Lorgan
  • R178-6, idir timpeallán Bhóthar Dhún Dealgan agus an tSráid Mhór trí Shráid Fhearnaí
  • R179-6, idir an t‑acomhal leis an tSráid Mhór agus acomhal LS8510 (Bóthar Charraig Dhónaill)

Malairt Slí:

Trácht ag dul ó thuaidh – Cuirfear ar mhalairt slí é ar Bhóthar an Chaisleáin theas go dtí R927 i dtreo an N2 ar Bhóthar Oiriall. Ó acomhal an N2 rachfar ó thuaidh, fágfar an N2 ag an Chlochbhaile Íochtarach i dtreo R927-2 Bóthar Bhaile na Lorgan, Carraig Mhachaire Rois. Críochnóidh an mhalairt slí ag Coláiste Inver.

Trácht ag dul ó dheas – Cuirfear ar mhalairt slí é ar LP4051 Bóthar Rois i dtreo thimpeallán Bhóthar Shearcóige agus suas Bóthar Rois arís. Ó Bhóthar Rois cuirfear an trácht ó thuaidh go dtí R927-2 Bóthar Bhaile na Lorgan i dtreo an N2. Ó acomhal an N2, cuirfear an trácht ó dheas, fágfar an N2 ag an Dromainn Uachtarach i dtreo thimpeallán Bhóthar Dhún Dealgan. Leanfar ar R927-4 Bóthar Oiriall i dtreo Sheanbhóthar Bhaile Átha Fhirdhia. Críochnóidh an mhalairt slí ag acomhal Bhóthar an Chaisleáin.

 

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

9 Márta 2023