Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh, 2023

Tá mórchiste €16 mhilliún fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, chun tacú le tionscadail a bhaineann le caitheamh aimsire lasmuigh.

Leis an Scéim um Bonneagar Caithimh Aimsire Lasmuigh (ORIS), 2023, déanfar forbairt ar acmhainní nádúrtha amhail ár sléibhte, locha, tránna, portaigh, siúlbhealaí, glasbhealaí agus gormbhealaí agus díreofar go sonrach ar áiseanna le haghaidh na turasóireachta eachtraíochta a fhorbairt faoin tuath.

Is é is aidhm don mhaoiniú tacaíocht a thabhairt don turasóireacht a bhaineann le caitheamh aimsire lasmuigh, a bhféadfadh tairbhí móra eacnamaíocha a bheith ag baint léi do na bailte agus sráidbhailte faoin tuath agus a fhéadfadh feabhas a chur ar shláinte agus folláine pobal tuaithe.

Tá Comhairle Contae Mhuineacháin ag lorg Léirithe Spéise maidir le tionscadail faoi na bearta uile;

 

  • Beart 1: Deisiúchán/Forbairt/Cur Chun Cinn agus Margaíocht ar Scála Beag – deontas suas le €30,000
  • Beart 2: Deisiúchán/Uasghrádú agus Forbairt Conaire/Áise Nua ar Scála Meánmhéide – deontas suas le €200,000
  • Beart 3: Deisiúchán/Uasghrádú Straitéiseach agus Forbairt Tionscadal Straitéiseach le haghaidh Conair/Áis Nua ar Scála Mór – deontas suas le €500,000
  • Bearta Forbartha Tionscadail – cuirfidh siad maoiniú ar fáil d’fhorbairt mhionsonraithe tionscadal a ligfeadh dóibh caighdeán le haghaidh iarratas faoi Bheart 2 nó 3 de ORIS a bhaint amach – deontas suas le €50,000

 

Mar a leagtar amach i sonraí na scéime, tabharfar tús áite do na tionscadail siúd lena léirítear rannpháirteachas láidir pobail.  I gcás ina mbeadh cead pleanála ag teastáil ó thionscadal, ní mór é sin a fháil sula gcuirfear isteach an t‑iarratas.

Ba cheart na tionscadail a bheith suite faoin tuath agus níor cheart iad a bheith sa cheantar timpeall bailte nó sráidbhailte ach amháin má nascann an tionscadal molta baile nó sráidbhaile leis an tuath.

De réir mar a bhí sna blianta roimhe seo, ní chuimsítear faoin scéim gníomhaíochtaí spóirt a bhíonn ar siúl faoin tuath ar chúrsaí, rianta nó páirceanna ar leithligh a dearadh agus a tógadh do na himeachtaí sin, m.sh., galf, peil, seóléimneach, gníomhaíochtaí mótair, srl.

Déan teagmháil leis an gComhordaitheoir Ceantair Bhardasaigh áitiúil nó le hAisling Kierans, Roinn na Forbartha Pobail chun tionscadail fhéideartha i ndáil leis an scéim seo a phlé a luaithe is féidir:

  • Oifig Cheantar Bardasach Bhéal Átha Beithe/Chluain Eois – 047 51018
  • Oifig Cheantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois/Bhaile na Lorgan – 042 9661236
  • Oifig Cheantar Bardasach Mhuineacháin – 047 73777
  • Aisling Kierans, Forbairt Phobail – 047 73707

Ní mór gach léiriú spéise a chur isteach i bhFormáid WORD chuig oris@monaghancoco.ie faoi 4.00 pm, Dé hAoine an 10 Iúil 2023 chun go leor ama a thabhairt chun na hiarratais a ullmhú agus a chur i gcrích.  Tá sonraí na scéime agus na foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ar an suíomh gréasáin ag https://monaghan.ie/communitydevelopment/category/grantsfunding-schemes/

MEASURE 1 APPLICATION FORM (WORD DOC)

MEASURE 2 3 APPLICATION FORM (WORD DOC)

ORIS SCHEME OUTLINE 2023 (PDF)

PROJECT DEVELOPMENT MEASURE APPLICATION FORM (PDF)