COMHAIRLE CONTAE MHUINEACHÁIN Fógra Tábhachtach do na hÚinéirí agus Áititheoirí Talún ar fad

In Acht na mBóithre 1993 (Alt 70), leagtar oibleagáid reachtúil ar thiarnaí talún/áititheoirí talún ar fad le cinntiú nach baol iad struchtúir cois bóthair, crainn, toir nó fásra eile aon chontúirt dóibh siúd a úsáideann agus a oibríonn ar bhóithre poiblí.

Níor chóir go dtarlódh aon bhearradh fáil ach idir an 1 Meán Fómhair agus an 28 Feabhra. Ba chóir do thiarnaí talún a chinntiú go bhfaightear réidh le gach smionagar ón mbóthar.

Mura gcloífí le hoibleagáidí, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí Tiarnaí Talún / Áititheoirí Talún feadh bóthar poiblí a chúiseamh.

Kevin West

A/Innealtóir Sinsearach

Bóithre & Iompar

31 Lúnasa 2023

Ba mhian le Comhairle Contae Mhuineacháin a chur in iúl go bhfuil eolas maidir leis na bóithre atá sé i gceist a dhúnadh agus na bóithre ar aontaíodh iad a dhúnadh ar https://www.mapalerter.ie/monaghan agus ar ár suíomh gréasáin https://monaghan.ie/roadtransport/category/notices/

 Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig chuí an Cheantair Bhardasaigh

Ceantar Bardasach Mhuineacháin (047) 73777 nó ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Bhéal Átha Beithe/Chluain Eois (047) 51018 nó ríomhphost clones@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois/Bhaile na Lorgan (042) 9661236 nó ríomhphost carrickmacross@monaghancoco.ie

TOSNÚ INIÚCHTA Á FHÓGAIRT- COMHAIRLE CONTAE MHUINEACHÁIN

Tugtar fógra anseo go dtosnóidh Mairtin De Faoite, Iniúchóir Rialtais Áitiúil, ar an 16ú lá de mhí an Mheithimh 2023, ag déanamh iniúchta ar chuntais an rialtais áitiúil thuas luaite don bhliain airgeadais dár chríoch 31ú lá Nollaig 2022. De réir Airteagal 17 de Rialacháin an Rialtais Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, cuirfidh an t-Iniúchóir Rialtas Áitiúil san áireamh aon cur i gcoinne ar ábhar nó ábhair atá sna cuntais éagsúla sin le linn an iniúchta.

Ba chóir aon agóid bheartaithe a dhéanamh i scríbhinn, ag leagan amach na sonraí agus na cúiseanna ar a bhfuiltear á dhéanamh, chuig an Iniúchóir Rialtais Áitiúil, Comhairle Contae Mhuineacháin, Áras an Chontae, An Ghleanna, Muineacháin, laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta.

Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil d’éinne le scrúdú le linn uaireanta oifige, ar feadh tréimhse seacht lá sula dtosaíonn an iniúchadh.

Arna dhathú an 25ú lá de Bealtaine 2023

Ba mhian le Comhairle Contae Mhuineacháin a chur in iúl go bhfuil eolas maidir leis na bóithre atá sé i gceist a dhúnadh agus na bóithre ar aontaíodh iad a dhúnadh ar https://www.mapalerter.ie/monaghan agus ar ár suíomh gréasáin https://monaghan.ie/roadtransport/category/notices/

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig chuí an Cheantair Bhardasaigh

Ceantar Bardasach Mhuineacháin (047) 73777 nó ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Bhéal Átha Beithe/Chluain Eois (047) 51018 nó ríomhphost clones@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois/Bhaile na Lorgan (042) 9661236 nó ríomhphost carrickmacross@monaghancoco.ie

Ba mhian le Comhairle Contae Mhuineacháin a chur in iúl go bhfuil eolas maidir leis na bóithre atá sé i gceist a dhúnadh agus na bóithre ar aontaíodh iad a dhúnadh ar https://www.mapalerter.ie/monaghan agus ar ár suíomh gréasáin https://monaghan.ie/roadtransport/category/notices/

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig chuí an Cheantair Bhardasaigh

Ceantar Bardasach Mhuineacháin (047) 73777 nó ríomhphost monaghan@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Bhéal Átha Beithe/Chluain Eois (047) 51018 nó ríomhphost clones@monaghancoco.ie

Ceantar Bardasach Charraig Mhachaire Rois/Bhaile na Lorgan (042) 9661236 nó ríomhphost carrickmacross@monaghancoco.ie

COMHAIRLE CONTAE MHUINEACHÁIN – PEACEPLUS Próiseas Comhairliúcháin

Tá an fhoireann Síochána ag comhordú próiseas comhairliúcháin leis an bpobal i gcoitinne chun Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt.  Tá Céim 1 den phróiseas comhairliúcháin críochnaithe agus beidh roinnt imeachtaí poiblí agus ar líne ar siúl ar fud an Chontae i mí Feabhra 2023 in éineacht le suirbhé ar líne.  Bhí na himeachtaí an-rathúil i dtéarmaí leibhéal an rannpháirteachais agus na dtosaíochtaí áitiúla a sainaithníodh ag leibhéal MD agus contae araon.

Tá an próiseas comhairliúcháin fós ag dul ar aghaidh agus tá am fós ag pobail áitiúla páirt a ghlacadh agus a dtuairimí a roinnt maidir le Plean Gníomhaíochta Pobail Áitiúil PEACEPLUS a fhorbairt.   Tabharfaidh próiseas chéim 2 na príomhthosaíochtaí a sainaithníodh ag céim 1 ar aghaidh agus déanfaidh sé iniúchadh ar smaointe/coincheapa tionscadail féideartha breise.  Is iad seo a leanas dátaí agus amanna na n-imeachtaí Comhairliúcháin Chéim 2;​

Dáta Am Ionad
Céadaoin, an 26 Aibreán 2023

2.30i.n. – 4.30i.n. Ionad Íontas, Baile na Lorgan
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 10.30i.n. – 12.30i.n. Nasc Síochána, Cluain Eois
Déardaoin, an 27 Aibreán 2023 2.30i.n. – 4.30i.n. Amharclann an Gharáiste, Muineachán

Glac páirt trí freastal ar cheann de na himeachtaí seo a leanas:

Níl aon cheanglas ort do spéis a chlárú chun freastal ar imeacht.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin bpróiseas comhairliúcháin, déan teagmháil le Nicola Payne ar an teileafón ar 047 30500 nó ar ríomhphost ag npayne@monaghancoco.ie

Cruinnithe Comhairliúcháin Phoiblí – Clár LEADER 2023-2027

Fógraíodh an clár LEADER nua do Chontae Mhuineacháin, lena mbaineann leithdháileadh táscach €6m. Tugann Coiste Mhuineacháin um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do ghnólachtaí agus do phobail páirt a ghlacadh i gcruinnithe poiblí a bheidh mar bhonn eolais in ullmhúchán Straitéise Forbartha Áitiúla, lena dtreorófar seachadadh chlár LEADER 2023 – 2027.

Baileofar aiseolas ag cruinnithe agus imeachtaí an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) a bheidh ar siúl ar fud an chontae agus ar líne. Tá na himeachtaí beartaithe mar seo a leanas;

  • Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 11.00r.n.

Amharclann an Gharáiste, Muineachán

  • Déardaoin, 13 Aibreán 2023, 2.30i.n.

Peace Link, Cluain Eois

  • Dé Máirt, 18 Aibreán 2023, 7.00i.n.

Imeacht ar líne (seol ríomhphost chuig npayne@monaghancoco.ie le clárú)

  • Dé Céadaoin, 19 Aibreán 2023 00i.n.

Teach na mBocht, Carraig Mhachaire Rois

Reáchtálfar dhá imeacht comhairliúcháin phoiblí eile a dhíreoidh ar Chlár LEADER 2023 -2027;

  • Dé Luain, 17 Aibreán 2023, 7.30i.n.

Ionad Pobail Oakland, Glasloch

  • Dé Luain, 24 Aibreán 2023, 7.30i.n.

Ionad Pobail Dhúthamhlachta, Dúthamhlacht.

Tapaigh an deis a bheith páirteach maidir le treo an mhaoinithe agus na mbeartas i gContae Mhuineacháin amach anseo a chinneadh. Moltar do gach pobal agus gnólacht a gcuid tuairimí a roinnt.

Dúnadh Sealadach Bóithre – Comhairle Contae Mhuineacháin

Tugann Comhairle Contae Mhuineacháin fógra go bhfuil sé i gceist aici na bóithre a leanas a dhúnadh i gCeantar Bardasach Bhéal Átha Béithe-Chluain Eois i gContae Mhuineacháin:

Dáta an Dúnta:               18 Márta 2023

Uaireanta:                       idir 2pm agus 4pm

Fáth:                                 Paráid Lá Fhéile Pádraig  

Bóithre a bheidh dúnta: 

R-183 idir an t-acomhal leis an LS6290 ag Scoil Náisiúnta Naomh Laobháin agus an t-acomhal leis an R189, an tSráid Mhór, Cúil Darach, agus idir acomhal R189/R183 ar an tSráid Mhór agus acomhal LP2222, Bóthar Achadh na hAbhla, ar an tSráid Mhór.

Malairt slí:

Ó Chluain Eolais ar R-183 Sráid Uí Dhufaigh, leanfar chuig an acomhal leis an N54 agus casfar ar dheis chuig an N54 i dtreo Mhuineacháin. Leanfar ar aghaidh ar an N54 go dtí an t-acomhal le R189 Teach na dTrí Mhíle/Cúil Darach agus casfar ar dheis chuig an R189. Leanfar ar an R189 go Cúil Darach.

Ó Chúil Darach: Leanfar ar an R189 i dtreo Theach na dTrí Mhíle/Mhuineacháin go dtí an t-acomhal leis an N54. Casfar ar chlé ag an acomhal leis an N54 agus leanfar ar aghaidh go dtí na soilse tráchta i gCluain Eois agus casfar ar chlé ag an acomhal chuig R183 Sráid Uí Dhufaigh.  Casfar ar chlé ag an gcéad acomhal eile chun dul go Cúil Darach

Is féidir le haon duine leasmhar agóid i gcoinne dhúnadh na mbóithre thuasluaite a chur isteach ach aighneacht a chur faoi bhráid Roinn na mBóithre, Comhairle Contae Mhuineacháin, Foirgneamh MTEK II, Cnoc an Chonnaidh, Muineachán, tráth nach déanaí ná Dé Máirt, 14 Márta 2023.  Ní mór “Agóid i gcoinne Dúnta Bóthair” a bheith le feiceáil go soiléir ar an gclúdach litreach.

Má tá aon cheist agat maidir le dúnadh na mbóithre seo, déan teagmháil le hoifig Cheantar Bardasach Bhéal Átha Béithe/Chluain Eois ar 047 51018 nó ar ríomhphost clones@monaghancoco.ie

Cloíonn an fógra seo le hAcht na mBóithre, 1993, (Roinn 75)

Gareth McMahon

Stiúrthóir Seirbhísí

Iompar, Forbairt Tuaithe agus Pobail

9 Márta 2023