Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile (TVRS) 2023

Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile (TVRS), 2023, fógartha ag Heather Humphreys, TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail chaipitil bheaga agus mheánmhéide a fheabhsóidh timpeallacht lár bailte nó sráidbhailte. Idir €20,000 agus €500,000 a bheidh ar fáil sa mhaoiniú deontais le haghaidh tionscadal.

Tar éis sheoladh Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, agus Lár Bailte ar dTús, a lean, rinneadh roinnt leasuithe ar an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile. Le Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann feicfear infheistíocht mhéadaithe go dtí 2025 i mbonneagar cianoibre chun deis a thabhairt do dhaoine cónaí a bheith orthu i bpobail thuaithe fad is a leanann siad a gcuid uaillmhianta gairme.

Dearadh Scéim 2023 chun tacaíocht a thabhairt d’athnuachan cheantair thuaithe na hÉireann agus dírítear ar athchóiriú lár na mbailte agus feabhsú na beochta eacnamaíche agus sóisialta i gcomhréir leis an mbeartas, Lár Bailte ar dTús.

Díreofar i Scéim 2023 ar chuspóirí amhail:

  • Tionscadail a bhaineann le hAthchóiriú Bailte
  • Ár sráid-dreacha a fheabhsú
  • Spásanna glasa / áiseanna áineasa i lár bailte nó sráidbhailte
  • Ionaid phobail atá ann cheana a athchóiriú
  • Rogha nua chun a ligean d’údaráis áitiúla ceapacha talún nua a fháil chun forbairt athchóirithe bailte a éascú, amhail páirceanna, pláis i lár bailte, etc.
  • Foirgnimh fholmha dhearóile a úsáid arís agus iad ina spásanna ilfheidhme nó spásanna pobail
  • Tionscadail chun tacú le margaí i lár bailte nó sráidbhailte, e.g. margaí feirmeoirí nó margaí ceardaithe.
  • Forbairt plás i lár bailte/sráidbhailte

 

Díreoidh scéim 2023 ar thrí chatagóir Bailte/Sráidbhailte mar seo a leanas:

  • Catagóir 1: Bailte agus sráidbhailte ag a bhfuil daonra suas le 5,000 duine.
  • Catagóir 2: Bailte ag a bhfuil daonra idir 5,001 agus 10,000 duine.
  • Catagóir 3: Féadfaidh bailte móra a bhfuil daonra suas le 15,000 duine a bheith incháilithe i gcás ina bhfuil an t-iarratas ar ardchaighdeán agus leagtar amach ann riachtanas láidir le haghaidh na hinfheistíochta, luach maith ar airgead agus torthaí dearfacha a dhéanfaidh difear suntasach don bhaile.

Leibhéil na nDeontas

I gcás Scéim 2023, is é €20,000 an deontas íosta atá ar fáil.

Is é €500,000 an leibhéal uasta maoinithe deontais atá ar fáil le haghaidh iarratas amháin ó gach Údarás Áitiúil.

Beidh €250,000 ar a mhéad ar fáil le haghaidh 4 iarratas.

Ní mór 1 iarratas amháin a bheith bainteach le Bailte/Sráidbhailte nach bhfuil maoiniú faighte acu faoin nGnáthscéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile sna 3 bliana roimhe sin.

De réir mar a bhí sé sna blianta roimhe seo, déanfar measúnú ar na hiarratais ar bhonn iomaíoch.

Is féidir tuilleadh eolais, Achoimre na Scéime agus na foirmeacha maidir le Léiriú Spéise san áireamh, a íoslódáil ó https://monaghan.ie/communitydevelopment/category/grantsfunding-schemes/ nó is féidir é a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hAisling Kierans nó Robyn Flanagan, Roinn na Forbartha

Pobail, Comhairle Contae Mhuineacháin ar ríomhphost townandvillage@monaghancoco.ie nó ar an bhfón ar 047 73707/73720.

Cinntigh go bhfuil an t-iarratas líonta amach ina iomláine agat sula gcuirfidh tú isteach é.

Ní mór gach Léiriú Spéise a bheith istigh tráth nach déanaí ná 5.00 pm, Dé Luain, 28 Lúnasa 2023 i ríomhphost chuig townandvillage@monaghancoco.ie

Ní bhreithneofar Léiriú Spéise déanach tar éis an dáta deiridh.